For the best experience, please use an
up to date web browser . browsers
+ 353 (0) 1 872 1916


Uaireanta oscailte

Ar oscailt Luan – Domhnach

Luain – Dé hAoine – 9:00am – 5:30pm
Cead Isteach Deireanach 4:30pm

Sathairn agus Domhnach – 10.00 am – 5.30 pm
Cead Isteach Deireanach 4:30pm

Dúnta Lá Caille, Lá Fhéile Pádraig,
Domhnach Cásca, Oíche Nollag,
Lá Nollag agus Lá Fhéile Stiofáin (an 26 Nollaig).



Bí i láthair le do thoil cúig nóiméad roimh an am tosaithe atá curtha in áirithe duit.

An t-eispéireas

Fad an turais:
Thart ar uair an chloig
Cineálacha turais:
Is cuairt fhéintreoraithe í, ach is féidir turais threoraithe a shocrú roimh ré (ní mór iad a chur in áirithe)
Praghas/
Praghsanna:
Duine fásta €10.00
Teaghlach Ó €25.00
Leanbh (0-5 bliana d'aois) Saor in Aisce
Leanbh (os cionn 5 bliana) Ó €5.00
Mac léinn €7.50
Daoine scothaosta (65-70) €7.50
Os cionn 70 bliain €5.00
Rochtain:
Tá rochtain ar ardaitheoir agus leithris ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas
Rochtain:
Rochtain trí ardaitheoir agus saoráidí leithris do dhaoine le míchumais
Ceannaigh Ticéid

bealaí chun teacht orainne


Bus

Tá Ard-Oifig an Phoist suite i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath ar Shráid Uí Chonaill. Tá sé furasta teacht chuige ar Bhus Átha Cliath chomh maith le Bus Éireann agus cuideachtaí bus náisiúnta eile. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.dublinbus.ie nó www.buseireann.ie

LUAS

Tógann sé trí nóiméad le siúl chuig Ard-Oifig an Phoist ó stad an Luas ar Shráid na Mainistreach ar an Líne Dhearg. Má thaistealaíonn tú ar Líne Ghlas an Luas, tuirling ag stad Fhaiche Stiabhna agus gluais leat ó thuaidh i dtreo Shráid Uí Chonaill. Tabhair cuairt ar: www.luas.ie

Ag siúl

Tá sé éasca siúl chuig Ard-Oifig an Phoist ó na hóstáin i lár na cathrach, ón Luas, ón DART, agus ó na príomhlínte iarnróid agus bus. Níl ann ach siúlóid ghearr ó Dhroichead Uí Chonaill suas Sráid Uí Chonaill go dtí Ard-Oifig an Phoist. Feicfidh tú Ard Oifig an Phoist ar thaobh na láimhe clé.

Ag Tiomáint

Tá sé éasca teacht ar Ard-Oifig an Phoist ó gach príomhbhóthar. Tá go leor carrchlós poiblí in aice láimhe. Bain úsáid as an léarscáil thíos chun do chuairt a phleanáil.

GPO Witness History

General Post Office, O’Connell Street Lower, Dublin 1, D01 F5P2. Ireland

+ 353 (0) 1 872 1916
info@gpowitnesshistory.ie
Oscail suíomh in google maps.

Eolas Ginearálta do Chuairteoirí

  • Is féidir leat dul isteach chuig an taispeántas ag an am sin atá scríofa ar do thicéad nó ar do dheimhniú do GPO Witness History. Tabhair faoi deara, b’fhéidir nach gceadófar duit dul isteach má bhíonn tú déanach.
  • Nuair a fhágfaidh tú an foirgneamh ní bheidh tú in ann dul isteach arís.
  • Féadfaidh tú grianghraif a ghlacadh le haghaidh úsáid phríobháideach neamhthráchtála mura luaitear a mhalairt (mar sin féin iarraimid ort gan splanc-ghrianghrafadóireacht a dhéanamh).
  • Níl aon áiseanna stórála ar fáil ag GPO Witness History agus mar sin cuir srian leis an méid rudaí a thugann tú leat.
  • Lig do scíth ina dhiaidh inár gCaifé a bhfuil aghaidh aige ar an gclós. Ní féidir ach bia agus deochanna a cheannaítear ón gCaifé a chaitheamh sna limistéir ainmnithe.

Imeachtaí

Beidh an t-ionad mórchlú seo ar fáil le haghaidh imeachtaí freisin.
Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir glaoch ar + 353 (0) 1 872 1916 nó seol ríomhphost chuig info@gpowitnesshistory.ie

Translate »