For the best experience, please use an
up to date web browser . browsers
Menu
+ 353 (0) 1 872 1916
Buy Tickets Now

Le cois a suntais don ailtireacht agus a róil mar ard-oifig Oifig an Phoist in Éirinn, is amhlaidh a bhaineann tábhacht shiombalach faoi leith le hArd-Oifig an Phoist Bhaile Átha Cliath do mhuintir na hÉireann.

Ba inti a fuarthas ceanncheathrú na bhfear agus na mban ag glac rannpháirt in Éirí Amach na Cásca na bliana 1916. Cé gur cloíodh an cheannairc, leis an gcuid ba mhó d’Éireannaigh ag cásamh faoin mbás agus faoi scrios a tháinig léi; ba uaithi a tháinig neamhspleáchas na hÉireann agus cruthú Saorstáit nua. Tabhair cuairt ar fhoireann Iarsmalann & Chartlann An Post i gcomhair a thuilleadh faoi stair agus oidhreacht Ard-Oifig an Phoist agus Oifig an Phoist in Éirinn, nó déan teagmháil le heritage@anpost.ie.

Luan na Cásca, 1916

Bhí líon foirne laghdaithe ar dualgas laistigh d’Oifig an Phoist ag coinneáil seirbhísí bunriachtanacha ar oscailt don phobal. Díreach tar éis an mheánlae a tháinig buíon fear a bhailigh le chéile ag Halla na Saoirse, achar gairid ar shiúl, isteach san fhoirgneamh, agus thug orduithe don fhoireann agus do na custaiméirí chun imeachta.  Chuir roinnt foirne teileagraif agus roinnt saighdiúirí neamharmtha bac sna doirse thuas staighre, agus dhiúltaigh siad chun imeachta nó gur scaoileadh urchair ina dtreo.  B’idéil éagsúla a bhí mar spreagadh ag na reibiliúnaigh, faoi cheannaireacht Phádraig Mhic Phiarais agus Shéamuis Uí Chonghaíle, ach bhí siad ar aon intinn nach dtiocfadh neamhspleáchas na hÉireann ó fhuílleach na Ríochta Aontaithe ach amháin trí cheannairc armtha. Roghnaigh siad Ard-Oifig an Phoist, croílár na cumarsáide sa tír agus lár chathair Bhaile Átha Cliath, mar an foirgneamh ar a gcrochfaidís bratach poblachta Éireannaí.

1916 rebellion | the proclamation | GPO Dublin

Forógra 1916

Tá an Forógra ar cheann de na cáipéisí is tábhachtaí i nua-stair na hÉireann. Ba é Pádraig Mac Piarais a dhréachtaigh an chuid ba mhó de, agus clóbhualadh go gasta é faoi choinníollacha fíordheacra i Halla na Saoirse an oíche sular cuireadh tús leis an Éirí Amach.

Go gairid roimh mheánlae Luan na Cásca a bhí ann nuair a sheas an Piarsach faoi phóirseáid Ard-Oifig an Phoist, agus léigh sé an Forógra os ard ag dearbhú na hÉireann mar Phoblacht ardcheannasach neamhspleách. Greamaíodh cóipeanna ansin do na foirgnimh timpeall lár na cathrach.

Is í cóip An Post ceann amháin den dornán beag a tháinig slán trí shuaitheadh Seachtain na Cásca agus anuas chugainn céad bliain ina diaidh. Tá sé ar taispeáint anois in Iarsmalann An Post in Ard-Oifig an Phoist agus is féidir leagan macasamhlach le nóta míniúcháin ghearr leis a cheannach ar líne (fuinneog nua).

Fothracha Cnáfairte

Choinnigh na reibiliúnaigh seilbh ar Ard-Oifig an Phoist ar feadh seachtaine nach mór. B’fhíochmhar í an troid anseo agus i gcodanna eile den chathair, agus ba arleis na sibhialtaigh ag thiféachaint an chruatain ba mheasa. Agus an foirgneamh trí thine agus ag titim as a chéile, rinne siad iarracht chun briseadh trí thródam an airm ina dtimpeall agus chlis siad. Ba é an Piarsach, ar féachaint dó gur bheag arbh fhiú a thuilleadh troda, a ghlac an cinneadh faoi dheireadh chun géilleadh.

Foireann Ard-Oifig an Phoist sa bhliain 1916

Is fíoras fiosrach é gurbh iad foireann Oifig an Phoist thuas staighre a chéadrinne iarracht chun an tÉirí Amach a chosc Luan na Cásca 1916. Taifeadtar sna hannála a chaomhnaítear thall in Iarsmalann Poist na Breataine i Londain gur chuir foireann na dteileagraf agus roinnt gardaí neamharmtha bac eatarthu féin agus na reibiliúnaigh, agus gur dhiúltaigh siad chun a bpoist a fhágáil nó gur scaoileadh urchair ina dtreo.

Tugtar léargas ríspéisiúil i dtuairiscí oifigiúla fhoireann Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath ar bheatha roinnt daoine ó Oifig an Phoist le linn na seachtaine círéibí úd. Cuir i gcás a bhfaca Sam Guthrie, Ceannfort na dTeileagraf agus é ag faire amach fuinneog an tSeomra Teileafóin thuas staighre in Ard-Oifig an Phoist.:

“Chonaic mé go rabhthas ag déanamh smidiríní de na fuinneoga san Oifig Phoiblí agus d’fhuinneoga eile i dtreo Shráid Sackville, leis na giotaí gloine ag titim ar an bpábháil á clúdach, agus bhí roinnt ball de pháirtí Shinn Féin ina seasamh timpeall na slí poiblí isteach”