For the best experience, please use an
up to date web browser . browsers
Menu
+ 353 (0) 1 872 1916
Buy Tickets Now

Ionad Cuairteoirí GPO Witness History

Díol spéise buan úrnua do chuairteoirí is ea Ionad Cuairteoirí GPO Witness History i bhfoirgneamh mórchlú Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.

Cuireann an taispeántas tumthach, tarraingteach seo tú go díreach taobh istigh d’Ard Oifig an Phoist i rith Sheachtain na Cásca in 1916.

Nuair leagann tú méar ar na scáileáin leictreonacha tadhaill, nuair a fhéachann tú ar na físeáin, nuair a shiúlann tú isteach sna botháin closamhairc, nuair a chloiseann tú na fuaimeanna agus nuair a fheiceann tú na déantáin bharántúla nach bhfacthas go leor acu riamh roimhe seo athbheofar an stair os do chomhair agus beidh taithí agat ar imeachtaí ó dhá thaobh na coimhlinte agus trí shúile daoine a bhí i láthair agus urchair á scaoileadh ar gach aon taobh díobh.

Tumfar san aicsean thú agus tú ag cumadh tuairiscí nuachtáin, ag scrúdú cóipe bunaidh den Fhorógra agus ag seoladh teachtaireachta i gcód Morse ar an raidió ag dearbhú Phoblacht na hÉireann.

Féadfaidh tú do scíth a ligean agus do chuid smaointe a dhéanamh i ndiaidh an taispeántais sa chaifé agus stór miondíola a bhfuil aghaidh acu ar an gclós. Is sa chlós atá an dealbh a coimisiúnaíodh i gcuimhne ar an daichead leanbh a fuair bás le linn Éirí Amach na Cásca. ‘Is iad sin muidne go léir’, a thugtar air.

Sleamhnaigh an barra ó thaobh go taobh le comparáid a dhéanamh idir Ard-Oifig an Phoist inniu agus san am a chuaigh thart
CUIR DO CHUAIRT AR AN TAISPEÁNTAS TUMTHACH ÚRNUA SEO IN ÁIRITHE
Ceannaigh Ticéid

Ard-Oifig an Phoist

Is í Oifig an Phoist an príomhfhoirgneamh sa tsráid searmanais is breátha i mBaile Átha Cliath – Sráid Uí Chonaill.

Ba é Francis Johnston a dhear Ard-Oifig an Phoist in 1814. Ba mhian leis foirgneamh breá galánta a thógáil a dhéanfadh ​​freastal ar ghnó poist agus ar chustaiméirí, a chuirfeadh le háilleacht ailtireachta Bhaile Átha Cliath agus a leagfadh béim ar ról tábhachtach Oifig an Phoist i saol na hÉireann.

Bhí oifig phoiblí bhreá sa chuid tosaigh, clós ar chúl do na cóistí poist agus aghaidh mhaorga ar a raibh colúin chlasaiceacha agus dealbha ar an díon.
Athraíodh leagan amach an fhoirgnimh go minic ó shin agus scriosadh gach rud ach amháin an tosach le linn Éirí Amach 1916.

Tá áit faoi leith fós ag Ard-Oifig an Phoist i gcroí mhuintir na hÉireann inniu. Nuair a chuirtear san áireamh na rudaí go léir a tharla ó tógadh é is mór an díol suntais go bhfuil sé ag comhlíonadh na feidhme bunaidh dhá chéad bliain níos déanaí.

Ard-Oifig an Phoist agus Éirí Amach 1916

Mhúnlaigh imeachtaí Sheachtain na Cásca stair na tíre seo agus bhí Ard-Oifig an Phoist ag croílár na n-imeachtaí sin go léir.

Díreach tar éis meán lae Luan Cásca 1916, thug gasra reibiliúnaithe ruathar faoi Ard-Oifig an Phoist. D’ordaigh siad don fhoireann agus do na custaiméirí an áit a fhágáil agus ghabh siad ceannas ar an bhfoirgneamh. Bhí sé mar cheanncheathrú acu i rith throid fhíochmhar Sheachtain na Cásca.

Dearbhaíodh ar chéimeanna tosaigh Ard-Oifig an Phoist go raibh Éire ina náisiún ceannasach nuair a léigh ceannaire na reibiliúnach, Pádraig Mac Piarais, Forógra na Saoirse Luan Cásca.

In ainneoin na bhfórsaí móra míleata a bhí ina n-aghaidh, d’éirigh leis na reibiliúnaithe Ardoifig an Phoist a choinneáil ar feadh seachtaine beagnach. Agus an foirgneamh ar dearglasadh agus é ag titim anuas ghearr na reibiliúnaithe tolláin trí bhallaí na bhfoirgneamh in aice láimhe agus chúlaigh siad i dtreo Shráid an Mhúraigh a bhí gar dóibh. Thuig an Piarsach ar an Satharn nárbh fhiú leanúint ar aghaidh leis an troid agus bheartaigh sé géilleadh.

Chuir Éirí Amach stairiúil, corraithe na Cásca tús le slabhra imeachtaí nach bhféadfaí a chosc agus a mbeadh cruthú Phoblacht na hÉireann ​​mar thoradh orthu ar deireadh thiar.