For the best experience, please use an
up to date web browser . browsers
Menu
+ 353 (0) 1 872 1916
Buy Tickets Now

Is féidir le mic léinn de gach aois dul ar thurais fhaisnéiseacha, tharraingteacha ag GPO Witness History.

Tá an taispeántas tumthach, idirghníomhach nasctha go dlúth le gnéithe éagsúla de churaclaim na bunscoileanna agus na meánscoileanna.

Cuireann GPO Witness History daltaí go díreach taobh istigh d’Ard-Oifig an Phoist le linn cúig lá Éirí Amach na Cásca 1916 nuair a bhí sé mar ionad ceannais mhíleata agus nuair a bhí Rialtas Sealadach na hÉireann suite ann.

Ag GPO Witness History, is féidir le do mhic léinn:

  • Imeachtaí Sheachtain na Cásca a iniúchadh trí scéalta pearsanta, cuntais fhinnéithe súl agus déantáin stairiúla.
  • Leas a bhaint as léarscáileanna idirghníomhacha le féachaint cá ndeachaigh na teachtairí ó Ard-Oifig an Phoist go Faiche Stiabhna.
  • Cód Morse a úsáid chun Poblacht na hÉireann a fhógairt ar raidió.
  • Comparáid a dhéanamh idir saol linbh shaibhir i mBaile Átha Cliath ag an am agus saol linbh sna tionóntáin.
  • Scáileáin tadhaill a úsáid chun foghlaim faoi rudaí a tharla roimh Éirí Amach 1916 agus ina dhiaidh.
  • Scrúdú a dhéanamh ar thionchar an Éirí Amach in Éirinn (Thuaidh agus Theas) agus ar fud an domhain.

Féachaint ar an chaoi a ndearnadh comóradh ar Sheachtain na Cásca le 100 bliain anuas agus tuairimí a mhalartú faoin Éirí Amach sa Ghailearaí Chomórtha.

Eolas Ginearálta i leith na dTuras Scoile

Fad an Turais: 1 uair an chloig
Is féidir turais a chur in oiriúint le freastal ar riachtanais shonracha do ranganna.

Costas: €5.00 in aghaidh an dalta
Tá turais ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla

Ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré. Déan teagmháil le hÁirithintí Lárnacha ag info@gpowitnesshistory.ie nó Teil: 01 872 1916